Is é an limistéar atá clúdaithe anseo an limistéar ó fhágfas tú an Daingean isteach sna hOileáin go sroichfidh tú tóin Leitir Mealláin. Ó fhágfaidh tú Béal an Daingin go tóin Leitir Mealláin téann duine trí Leitir Móir, trí Gharmna agus Leitir Mealláin féin.

Tugann Daonáireamh Comparáideach 1852 agus daonáireamh 1901 léamh ar an líon daoine sna háiteachaí faoi chaibidil móide sa gCrompán sa naoú céad déag nuair a tháinig go leor de mhuintir an dreama atá anois ann chun na háite:
|
Toghroinn |
1841 |
1901 |
|
An Crompán |
2,361 |
2,383 |
|
Leitir Móir |
1,395 |
1,272 |
|
Garmna |
2,813 |
2,349 |
Roinneadh an áit i dtrí thoghroinn sa naoú céad déag:
- Faoi Thoghroinn an Chrompáin i bparóiste Chill Chuimín bhí An Cheathrú Rua ó Thuaidh, ó Dheas agus Thiar, Inse Mhic Cionaith agus roinnt oileán beag eile. I bparóiste Chill Aithnín bhí Barr an Doire, Cladhnach, An Caorán Beag agus oileáin bheaga. An Cillín an seanainm a bhí ar leithinis na Ceathrún Rua, ainm a tháinig as an seanteampall i mBarr an Doire ar an taobh ó dheas den leithinis. Tháinig an t-ainm An Cheathrú Rua ar aghaidh ar an áit go hiomlán sa naoú céad déag.
- Faoi Thoghroinn Leitir Móir i bparóiste Chill Aithnín bhí Béal an Daingin, Eanach Mheáin, Inis Bearachain, Leitir Calaidh, Leitir Móir agus os cionn céad oileán.
- Faoi Thoghroinn Gharmna i bparóiste Chill Chuimín bhí An Cnapach, Daighinis, Foirnis, Inis Eirc, Leitir Mealláin agus suas le 70 oileán beag. I bparóiste Chill Aithnín bhí An Máimín, Tír an Fhia, Na hUaimíní, Inis Léith, An Caolach, Cnoc Chathail Óig, agus leathchéad oileán eile.
Féach trí cinn de léarscáileanna den dream a raibh leas acu sa talamh in 1840, in 1853 agus in 1880 faoi seach.
Error
Chomh fada siar le deireadh an ochtú céad déag go cinnte bhí lonnú fairsing le cladach Chill Aithnín agus Chill Chuimín. I litir in 1789 ó Rev. Francis Xavier Blake chuig Rev. Warden Kirwan dúirt sé go raibh 118 teach thart leis an gcladach i bParóiste Mhaigh Cuilinn, 333 de thithe thart le cladach i bparóiste Chill Aithnín, agus 197 de thithe thart le cladach i bparóiste Chill Chuimín. Thug De Monbret tuairisc in 1790 - ‘coastal Connemara was ‘thickly populated, because of the ease with which turf can be cut, the pasture lands, the seaweeds for manure, and shell fish for the poor man. Thart le cladach a tháinig na daoine mar is léir ón gcéad léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis, 1839 a léiríonn dlús na dtithe thíos ag an gcaisleán i mbaile na Trá Báine sular thosaigh na daoine ag athrú suas an baile níos déanaí.
Cuid a bhí iontu de phobal de líon ab airde ná 72,000 duine idir bharúntachtaí Rosa, Bhaile na hInse agus Mhaigh Cuilinn. Bhí ardú ag teacht ar an daonra i gConnachta ar an iomlán. Tháinig ardú 23 faoin gcéad ar an líon sealbhóirí talún i gConnachta idir 1821 agus 1831. Ansin bhí na labourers ann a bhí gan talamh ach ‘raises a year’s supply of potatoes on hired ground, for which payment is generally made in labour… nearly all the farmers provide potato ground for labourers’ Sa tuarascáil a rinne an t-innealtóir Alexander Nimmo don Fisheries Board idir 1822-27 dúirt sé go raibh thart ar 2,500 duine ina gcónaí in ‘the islands of Garmna, Lettermullin, Lettermore &c’. Agus Arthur St George, Tiarna Talún Gharmna, ag iarraidh deontais le céibh a dhéanamh sa Máimín in 1822 chuir sé síos go raibh idir 1500 go 1800 ar oileán Gharmna. De réir Dhaonáireamh Comparáideach 1852 - in 1841 ba 2,361 duine a bhí i dtoghlach an Chrompáin - ba 1,773 a bhí ann in 1851 (laghdú 25%), ba 2,813 a bhí dtoghlach Gharmna in 1841 anuas go 1,730 in 1851 (laghdú 38%) agus ba 1,395 a bhí i dtoghlach Leitir Móir in 1841 anuas go 1,073 in 1851(laghdú 24%).