Muide / About us

Is í Áine Ní Chonghaile (Nan Mhichael Mhóir) bainisteoir an Láithreáin seo. I dTír an Fhia i gConamara a rugadh is a tógadh í. Beidh leabhar dá cuid – An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag ar fáil ó Chló Iarchonnacht faoi dheireadh 2021.

Tá súil go gcuideoidh an Láithreán seo le cuimhneamh ar na glúnta a chuaigh romhainn a chothú agus a chur ar taifead. Shaothraigh siad an saol agus is é an rud is lú go mbeadh fhios againne cé dar díobh muid agus go gcuirfeadh muid an t-eolas sin ar aghaidh chuig glúnta ag teacht ina ndiaidh. Tá siad ann, thar lear, sliocht na ndaoine arbh éigean dóibh imeacht, a bhíonn seasta ar thóir a sinsir. Tá súil go gcuideoidh an Láithreán seo ar bhealach beag leis an tóraíocht a dhéanamh níos éasca. Baintear leas as Béarla ar an Láithreán lena chinntiú go mbeidh teacht ag an muintir sin thar lear ar an eolas.

Is ó dhaoine muinteartha, nó comharsana leo, a frítheadh an t-eolas atá curtha suas anseo faoi gach teach. Tá sé ar chomhairle a ndreama aon eolas a cheapann siad nach bhfuil cruinn a chur ina cheart trí theagmháil a dhéanamh.

Ní fhéadfaí an Láithreán seo a dhéanamh d’uireasa cúnamh na ndaoine uilig a bhí, atá agus a bheidh sásta eolas, ginealas is seanchas a roinnt. Tá fíorbhuíochas ag dul dóibh.

Is ag Áine Ní Chonghaile, údar an Láithreáin, a bheidh an cinneadh críochnaitheach faoi aon ábhar a bheidh ar an Láithreán. Ní ghlactar aon fhreagracht faoi chruinneas an eolais a sholáthraítear le cur suas.


Áine Ní Chonghaile (Connolly), daughter of Michael Connolly (Patrick) and Bridget Farmer (John) from Teeranea, is the manager of this site.

This Website will help to keep and record memories and information about the previous generations. We should endeavour to pass on this information to the younger generations before it is lost with the passage of time. Emigration is very much part of the history of The Islands and their descendants abroad are constantly searching for their ‘people’ and forefathers. Hopefully this site will assist those searches. The use of English on the site will enable access for those emigrant families.

We extend a special invitation to those emigrant families to contribute to the site through providing contributions for uploading. As well as family text information both photographs and sound can be uploaded. The information uploaded on the site has been sourced from family members/neighbours of each household. Should there be any incorrect contribution please make contact in order to revise the content.

This Website could not be provided without the assistance of people who generously gave information, guidance and encouragement. We ask people to continue their support through further contributions for uploading.

Áine Ní Chonghaile, the Website manager, will have the final editing control of all content. No responsibility will be accepted for incorrect information provided for uploading.