Teaghlaigh / Households

 Ginealas / Genealogy

Ginealas Mhichael Mhóir Ó Conghaile (.docx, 17KB)                                        


Lonnú / Occupants

1847  Anna Nic an Rí Uí Chonghaile a tháinig ar an tsráid seo thar ar  as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua. Tá sí tugtha síos sa bhfógra díolacháin a chuir an tiarna talún St George amach in 1853 ag iarraidh an baile fearainn a dhíol. Bhí sí ag íoc £4.7.6 cíosa leis.

1880 – Bhí ainm a mic Patch thíos leis an áit. Bhí sé pósta ag Máire Ní Iarnáin as Tír an Fhia.

1912- Bhí ainm mhac Phatch Pádraig thíos leis. Phós sé Sara Bhríd Mhic Hughie as na hUaimíní. 

1945 -Bhí an talamh ag Michael Mór Ó Conghaile. Bhí sé pósta ag Bríd Ní Fheilmára as an Trá Bháin.

Pictiúir / Photos

 



 

 

Amhráin/Sound

Bríd Nóra Mhéiní ag casadh Amhrán an Bháthadh 1976

 

https://soundcloud.com/user-560041562/maire-mhichael-mhoir?si=af21b1fd59b84c49b93e9159615bcc83&utm_source=clipboard&utm_medium=text&utm_campaign=social_sharing



Seanchas / Narrative

Anna Ní Con Rí Uí Chonghaile, baintreach Mhicil Mhurchadha as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua is túisce a tháinig ar an tsráid seo ar dtús go Caladh na Spéice, trasna ón teach seo. Deirfiúr léi Cáit Ní Con Rí a phós Seán Ó Catháin agus chuir an lánúin sin fúthu i dTír an Fhia sna 1860idí tar éis scaitheamh a chaitheamh i Meiriceá. Phós deirfiúr eile le Anna - Bríd - Páidín Stiofáin agus bhí an lánúin sin lonnaithe san áit a mbíodh Tigh Mháirtín Phádraig.

Bhí cúigear gasúr ag Anna ag teacht go Tír an Fhia - Máire a phós Paitín Aithnín as Leitir Mealláin agus a chuaigh go Minnesota lena gcúigear gasúr sna 1880aidí ar an free emigration– tá a sliocht fós i St Paul. Phós mac le Máire agus Paitín Aithnín - Michael - Nóra Ní Chonaire as Ros Muc i Minnesota. D’fhan iníon le Máire Anna agus Paitín Aithnín- Peig Aithnín - ina ndiaidh i gCeapaí Mhánais agus phós sí Eoghan as Leitir Mealláin - mac leo sin Micil Eoghain a bhfuil a sliocht féin fós ar an tsráid.

Phós iníon eile le Anna Ní Con Rí – Baba - Beairtle Con Rí. Maraíodh Baba sin go tubaisteach in1920 nuair a hionsaíodh í i dteach a hiníne (Cluanáin) ag fear a bhí ag iarraidh poitín. Iníon eile le Baba sin a bhí ag obair ag an Ath. Ó Gríofa i nGaillimh nuair a mharaigh na Black and Tans an sagart sin. Bhí iníon eile ag Baba ar an Titanic agus tháinig sí slán.

Phós iníon eile le Anna -Bríd - Colm Con Rí. Phós mac Anna -Beartla Anna - Máire Bhreathnach as Tír an Fhia agus tá an mhuintir sin fós ar an tsraid. Phós mac Anna - Patch - Máire Ní Iarnáin as Tír an Fhia. Duine de chlann Phatch agus Mháire Ní Iarnáin - Bríd - chuaigh sí go Boston agus phós sí Seáinín Mhaitéis Mhóir Ó Máille as Doirín Darach - sinseantuistí Jennifer Dillon O’Malley a stiúraigh feachtas Joe Biden chuig an Teach Bán. Chuaigh mac le Patch -Séamas - go Boston agus phós sé Nan Mhaitéis Mhóir Ó Máille, chuaigh mac eile le Patch - Tom - go Boston agus pós bean de chuid na nDíreánach as Árainn, chuaigh mac Phatch -Joe - go California agus chuaigh Máire, iníon le Patch- go California áit ar phós sí Matt Sheáin Bhreathnaigh, phós iníon eile le Patch -Nan - Faoláin as Ros a Mhíl, bhí mac eile ag Patch – Beartla – chaith sé seal i mBoston agus d’fhill sé abhaile go Ceapaí Mhánais ansin. Ba iad an bheirt ba shine sa teach ag Patch Anna agus Máire Ní Iarnáin an cúpla - Micil agus Pádraig. Báthadh Micil go tubaisteach 10 Samhain 1910 ag teacht as Árainn. D’fhág sé a bhaintreach Cití Phatch Uí Ghíofa agus mac trí mhí, Pat Rua – chuaigh Cité go Boston agus thug a mac anonn tar éis scaithimh . Ba é leathchúpla Mhicil Pádraig a d’fhan ar an ngabháltas. Phós sé Sara Bhríd Mhicil Hughie Seoige as na hUaimíní. Mac leo sin Michael Mór atá tugtha síos anseo sa teach in 1960.


An bhfuil eolas agat faoin gclann seo?

Roinn linn é!

Beidh lánrialú ar an suíomh ag Áine Ní Chonghaile mura dtagtar ar a mhalairt réiteach le pearsa/eagraíocht eile /
Áine Ní Chonghaile will have full control of the site unless a different agreement is made with another person/organisation.